About
Shop
Contact Us

Mass Readings

Catholic Ireland

Liturgical Readings for : Thursday, 2nd May, 2024
Readings in English
Next Sunday's Readings

CÉAD LÉACHT
Sliocht as Gníomhartha na nAspal 15:7-21
Is é mo bhreithiúnas-sa,  gan aon chur isteach a dhéanamh ar na págánaigh atá ag iompú chun Dé.

Tar éis conspóide fada d’éirigh Peadar inasheasamh agus labhair sé leo:

A bhráithre,” ar seisean, “tá a fhios agaibh féin go ndearna Dia rogha eadrainn i bhfad ó shin gur ó mo bhéalsa a chloisfeadh na págánaigh teachtaireacht an dea-scéil agus go gcreidfidís ann. Agus an Dia a léann croí an duine chuaigh sé i mbannaí ar na págánaigh nuair a bhronn sé orthu an Spiorad Naomh faoi mar a bhronn sé orainne é. Ní dhearna sé dealú ar bith idir sinne agus iad ach a gcroí a ghlanadh de bharr a gcreidimh. Más ea, cad ab áil libhse bheith ag tabhairt dúshláin faoi Dhia anois agus cuing a chur ar mhuineál na ndeisceabal nár fhéadamar féin ná ár sinsir a iompar? Ní hea go deimhin mar go gcreidimid gur trí ghrásta an Tiarna Íosa atá slánú le fáil againn agus acu sin mar an gcéanna.”

D’fhan an slua go léir ina dtost, agus d’éist siad le Barnabas agus le Pól ag cur síos ar na míorúiltí agus ar na héachtaí a bhí déanta tríothu ag Dia i measc na bpágánach.

Agus nuair a bhí deireadh ráite acu d’fhreagair Séamas agus dúirt:
“A bhráithre, éistigí liomsa. D’aithris Síomón daoibh mar a dheonaigh Dia don chéad uair pobal a bhailiú dó féin i measc na bpágánach. Is beart é sin a thagann le briathra na bhfáithe mar atá scríofa:
Tiocfaidh mé ar ais ina dhiaidh sin, agus atógfaidh mé both Dháiví atá ar lár.
Deiseoidh mé a fothracha agus cuirfidh mé ina seasamh arís í.
Ansin beidh na daoine eile go léir ag lorg an Tiarna agus na náisiúin uile arb é m’ainmse atá orthu. Is é an Tiarna atá á rá seo agus tá eolas orthu le fada an lá.’

Is é mo bhreithiúnas-sa, dá bhrí sin, gan aon chur isteach a dhéanamh ar na págánaigh atá ag iompú chun Dé ach litir a chur chucu a rá leo staonadh ón mbia a thruaillítear ag na híola, agus ón bpósadh coil agus ó fheoil na n-ainmhithe a tachtadh agus ón bhfuil.
Mar tá Maois á léamh sna sionagóga gach lá sabóide.

Briathar an Tiarna       Buíochas le Dia  

Salm le freagra         Sm 95
Freagra                         Insígí  éachtaí an Tiarnai measc na náisiún.
Malairt le freagra    Alleluia!

1. Canaigí amhrán úr don Tiarna; canaigí don Tiarna,a thíortha go léir.
Canaigí don Tiarna agus molaigí a ainm.                         Freagra 

2. Fógraígí a shlánú ó lá go lá. Insígí a ghlóir i measc na gciníocha;
agus a éachtaí i measc na náisiún.                                     Freagra 

3. Fógraígí do na ciníocha: “Tá an Tiarna ina Rí.” shocraigh sé an domhan go daingean dochorraithe;
tabharfaidh sé breith chóir chothrom ar na náisiúin.    Freagra 

SOISCÉAL       

Go raibh an Tiarna libh.            Agus le do spiorad féin
Sliocht as Soiscéal naofa de réir Naomh Eoin          15:9-11          Glóir duit, a Thiarna.
Fanaigí i mo ghrá agus go mbeadh bhur lúcháir-sé iomlán.

San
am sin dúirt Íosa lena dheisceabail:
Faoi mar a thug an tAthair grá domsa, thug mise grá daoibhse chomh maith.
Fanaigí i mo ghrá. Má choinníonn sibh m’aitheanta, fanfaidh sibh i mo ghrá, faoi mar a choinnigh mise aitheanta m’Athar, agus a fhanaim ina ghrá.

Dúirt mé na nithe seo libh
chun go mbeadh mo lúcháir-sé ionaibh
agus go mbeadh bhur lúcháir-sé iomlán.’

Soiscéal an Tiarna.                 Moladh duit, a Chriost


AN BÍOBLA NAOFA
© An Sagart